___________________________________________________________________________________________________

_

eolas | taispeántais | ealaíontóirí | ionaid | spáis saothair

___________________________________________________________________________________________________

_

Comhdháil Dhomhanda Seandálaíochta Fringe |30 Meitheamh - 4 Iúil | Campas Belfield, UCD

Beidh breis is 1600 páipéar acadúil á leagan faoi bhráid na Comhdhála seo – an séú Comdháil Dhomhanda Seandálaíochta (WAC-6) – rud a fhágann gurb é seo an teacht le chéile is mó de sheandálaithe ar domhan. Is í Scoil na Seandálaíochta, UCD, atá á heagrú. Chun cur leis an gclár acadúil, tionólfaidh WAC-6 an chéad WAC Fringe - sraith léirithe, imeachtaí agus taispeántas, mar a gcuirtear faoi bhráid daoine taighde seandálaíochta agus cleachtas ealaíonta atá idirnáisiúnta agus ceannródaíoch. Ar na himeachtaí a bheidh ann, áirítear léiriú ar an tseandálaíocht thrialach, (e.g. smiotadh breochloiche, obair ar sheithí, cócaireacht), láithreoireachtaí closamhairc (faoi stiúradh Scoil an Bhéaloideasa, Cartlann Ceoil Traidisiúnta) agus taispeántais nua-ealaíon (e.g., taispeántais ghrianghraf, ealaín físe agus suiteálacha sealadacha), agus tabharfar le chéile comhoibrithe ó gach uile chearn den tír seo agus den domhan, lena n-áirítear an Eoraip, Meiriceá Thuaidh, an tSín, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Ar na himeachtaí atá ar an gclár, áirítear:

Works in process | An Chéad Úrlár (Bloc F), Áras Newman | Campas Belfield, UCD

Reflexive Representations | Grianán, Halla Ui Raghallaigh | Campas Belfield, UCD

The Fringe | An Loch & Áras Newman | Campas Belfield, UCD

__

___________________________________________________________________________________________________

______

Ábhar agus Meon, An Séú Comhdháil Dhomhanda Seandálaíochta, Scoil na Seandálaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, BÁC 4, Éire

(@) http://www.ucd.ie/wac-6     (@) http://www.amexhibition.com     (e) info(at)amexhibition.com
(t) +353 (0)87 654 8301    (f) + 353 (0)1 716 1184

Deartha ag iArchitectures (2008).