___________________________________________________________________________________________________

_

eolas | taispeántais | ealaíontóirí | ionaid | spáis saothair

___________________________________________________________________________________________________

_

Campas Belfield, UCD | 30 Meitheamh - 4 Iúil | Comhdháil Dhomhanda Seandálaíochta Fringe

Is é Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath an ollscoil is mó in Éirinn, ollscoil a bhfuil stair shaibhir 150 bliain aici agus traidisiún iomráiteach ceannaireachta maidir le scoláireacht agus sochaí.

Téann a bunús siar go 1854 nuair a d’oscail an sároideachasóir ón 19 céad, an Cairdinéal John Henry Newman, doirse Ollscoil Chaitliceach na hÉireann. Ba é mian Newman sárollscoil Eorpach a chur ar bun a mheallfadh scoláirí den chéad scoth agus a chuirfeadh oideachas ar fheabhas ar fáil do scoláirí Éireannacha agus idirnáisiúnta araon.

Níos mó ná 150 bliain ina dhaidh sin, tá idéil oideachais Newman fós le brath in UCD maidir le haigní óga a oscailt agus oideachas a chur ar mhic léinn a bheidh mar cheannairí sa tsochaí.  Tá UCD tiomanta a bheith ar cheann de na chéad tríocha ollscoil taighde san Aontas Eorpach, ina gcruthóidh taighde agus scoláireacht cheannródaíoch timpeallacht spreagthach intleachtúil, an timpeallacht idéalach i gcomhair foghlama agus eagnaíochta.

Cuimsíonn an struchtúr acadúil 5 Choláiste agus 35 Scoil agus cuireann an ollscoil an raon is cuimsithí de chláir fhochéime agus iarchéime ar fáil.  Tá nach mór 6,000 de na 22,000 mac léinn gafa le staidéar iarchéime agus taighde trí chúig scoil iarchéime na hollscoile agus trína cuid institiúidí agus ionad.

Tá scoileanna fochéime na hollscoile mar aon leis na háiseanna spóirt agus áiteanna cónaithe na mac léinn lonnaithe ar champas 132 heicteár, atá 4 chiliméadar ó dheas ó lár chathair Bhaile Átha Cliath. Áirítear ar áiseanna iontacha, leabharlanna a bhfuil dea-acmhainní iontu, saotharlanna den chéad scoth agus áiseanna fairsinge ríomhaireachta. Tá seirbhísí sláinte do mhic léinn, seirbhísí leasa agus seirbhísí comhairleoireachta den chéad scoth ar fáil agus tá deiseanna iontacha spóirt agus áineasa ann.

Is féidir teacht ar eolas ginearálta maidir le háiseanna do chuairteoirí ar Champas Belfield UCD anseo.

Ag teacht anseo

Ar bhus

Bus Átha Cliath

Cuireann Bus Átha Cliath seirbhísí díreacha ar fáil go dtí campas Belfield le huimhreacha 3, 10,11B agus 17. Is féidir dul ar uimhreacha 3, 10 agus 11B ag Sráid Uí Chonaill.

Stopann uimhreacha 46 (gach bealach) agus 145 de chuid Bhus Átha Cliath díreach os comhair phríomhgheata an champais ag Stigh Lorgan. Is siúlóid ghearr é go dtí an geata thar an droichead, ag trasnú an débhealaigh. Fágann na busanna ó Chearnóg Parnell agus stopann siad ag Sráid D’Olier, Sráid Nassau, Sráid Chill Dara agus Sráid Líosain i lár na cathrach.

Chun teacht ar chláir ama, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin Bhus Átha Cliath agus cuardaigh “An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath” (www.dublinbus.ie).

Aircoach

Tá seirbhís busanna ag Aircoach ó Aerfort Átha Cliath go Baile na Lobhar / Áth an Ghainimh / Stigh Lorgan a théann thar bráid UCD.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag www.aircoach.ie.

Bus Éireann

Cuireann Bus Éireann seirbhís busanna náisiúnta ar fáil, agus nasc rialta ag formhór na mórcheantar le Baile Átha Cliath. Críochnaíonn formhór sheirbhísí Bhaile Átha Cliath i mBusáras (Príomh-Stáisiún Busanna, Baile Átha Cliath) agus is siúlóid ghearr í go dtí Sráid Uí Chonaill chun teacht ar bhusanna go UCD.

Feidhmíonn Bus Éireann dhá sheirbhís laethúla tiontála ó Champas Belfield, UCD go dtí Busáras (Príomh-Stáisiún na mBusanna, Baile Átha Cliath). Tá na seirbhísí sin ag feidhmiú go laethúil go dtí Busáras, le linn téarma an choláiste agus tá siad ar fáil do shealbhóirí thicéid bhailí Bhus Éireann amháin.  Ina theannta sin, freastalaíonn roinnt seirbhísí ó Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath go díreach ar Champas Belfield, UCD.

Le haghaidh a thuilleadh eolais, téigh chuig www.buseireann.ie le do thoil.

Ar an traein

Freastalaíonn dhá phríomhstáisiún iarnróid ar Bhaile Átha Cliath.  Stáisiún Uí Chongaile agus Stáisiún Heuston.  Is siúlóid ghearr í ó Stáisiún Uí Chongaile go dtí Sráid Uí Chonaill, áit ar féidir teacht ar uimhreacha 3, 10 agus 11B de chuid Bhus Átha Cliath go dtí UCD. Tá seirbhísí nasctha minice ó Stáisiún Heuston go lár na cathrach.

Le haghaidh a thuilleadh eolais, téigh chuig Iarnród Éireann, le do thoil, (www.irishrail.ie).

_

___________________________________________________________________________________________________

______

Ábhar agus Meon, An Séú Comhdháil Dhomhanda Seandálaíochta, Scoil na Seandálaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, BÁC 4, Éire

(@) http://www.ucd.ie/wac-6     (@) http://www.amexhibition.com     (e) info(at)amexhibition.com
(t) +353 (0)87 654 8301    (f) + 353 (0)1 716 1184

Deartha ag iArchitectures (2008).