___________________________________________________________________________________________________

_

eolas | taispeántais | ealaíontóirí | ionaid | spáis saothair

___________________________________________________________________________________________________

 

Is sraith de thaispeántais ealaíne chomhaimseartha idirnáisiúnta é Ábhar agus Meon a shoilsíonn naisc éagsúla idir téamaí agus cleachtais na healaíne agus na seandálaíochta. Tá an tsraith seo á léiriú mar chuid den Séú Comhdháil Dhomhanda Seandálaíochta reachtófar i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath le linn Meitheamh / Iúil 2008.

Is é Ian Russell a bhí ina choimeádaí agus ina stiúrthóir ar na himeachtaí agus ar na taispeántais go léir i gcomhar le Niall Bergin, Maoirseoir, Príosún Chill Mhaighneann, Gabriel Cooney, Ollamh, Scoil na Seandálaíochta, UCD, Ruth Ferguson, Coimeádaí, Teach Newman, UCD, Christina Kennedy, Coimeádaí Sinsearach, Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann agus Jerome Ó Drisceoil, Stiúrthóir, Gailearaí Glas Ar Rua.

Clár na nImeachtaí

Mairimid go guagach i ndomhan lán le nithe. Castar sinn i líonta. Ag treisiú ár ndaonnachta, bíonn deis ag ealaíontóirí agus seandálaithe idirbheartaithe, eadránaithe agus aistritheoirí oilte araon a bheith ina maoir ar nithe, ag machnamh, ag saighdeadh agus ag tochailt faoi na gaolmhaireachtaí uile laistigh d’éiceolaíochtaí uile an domhain seo againne. Sa lá atá inniu ann, braitheann ealaíontóirí agus seandálaithe ar a chéile chun eispéireas, plé agus taispeántaí a roinnt lena chéile. Trí chleachtais agus próisis na n-ealaíontóirí comhaimseartha, ceiliúrann sraith taispeántais Ábhar agus Meon an nasc úr agus an nasc seanbhunaithe idir ealaín agus seandálaíocht.

Tugann Ábhar agus Meon aghaidh ar shanasaíocht shaibhir na Gaeilge leis an bplé, an idirghabháil agus an t-aistriú a bhaineann leis an nasc casta idir daoine agus nithe, ina uile dhúshláin, a chur i láthair. Baineann 'Ábhar' le mianach agus le bunábhar chomh maith le rud a bheith faoi chaibidil agus le téamaí. Baineann 'Meon' le haigne, le héiteas, le spiorad agus le cáilíocht. In áit polarú ar an intinn agus ar an gcorp a thaibhriú, spreagann an téama Ábhar agus Meon an iliomad gaolmhaireachtaí laistigh de nithe agus smaointe, coincheapa atá araon débhríoch.

Tárlóidh Ábhar agus Meon i spásanna ar fud Bhaile Átha Cliath, agus fócas speisialta aige ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus an Séú Comhdhail Dhomhanda Seandálaíochta. Cuirfidh ealaíontóirí áitiúla agus idirnáisiúnta comhaimseartha idir sheansaothar agus shaothar úr i láthair i dtaispeántais, suiteálacha agus léiriúcháin ar champas UCD, i dTeach Newman ar Fhaiche Stiaphna agus i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann. Trína gcuid saothar, fiosróidh Ábhar agus Meon an bunábhar a cheapann nithe, maolú na mbunábhar trí phróiséis ealaíne agus seandálaíochta, na hábhair gaolta arb iad fiosrúcháin ealaíne agus seandálaíochta iad, an spiorad comhoibríoch in iarrachtaí ealaíne agus seandálaíochta, an t-éiteas a bhaineann le hidirghabháil na healaíne agus na seandálaíochta, agus na meoin a chruthaítear, a chuirtear i láthair agus a chuirtear de dhroim seoil trí fhriotal ealaíonta agus seandálaíochta.

Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais maidir le taispeántais, ealaíontóirí agus imeachtaí ar shuíomh idirlín Ábhar agus Meon: www.amexhibition.com

__________________________________________________________________________________________________

______

Ábhar agus Meon, An Séú Comhdháil Dhomhanda Seandálaíochta, Scoil na Seandálaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, BÁC 4, Éire

(@) http://www.ucd.ie/wac-6     (@) http://www.amexhibition.com     (e) info(at)amexhibition.com
(t) +353 (0)87 654 8301    (f) + 353 (0)1 716 1184

Deartha ag iArchitectures (2008).